Oifigeach Preas an Airm An Caiptín Pat Ó Connor ag labhairt go bhfuil os cionn 200 comhálta de na Fórsaí Cosanta curtha ar dualgas ag an arm le cúnamh a thabhairt de na hÚdaráis leis na tuillte.
Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teoranta Bláthnaid Ní Chréacháin ag labhairt faoi Chomhdháil Bhliaintúil Ghaelscoileanna Teoranta a bhíos ar siúl i gCill Chainnigh an deireadh seachtaine seo.
Iar Imreoir agus Iar Bhainisteoir le Cláirsí na Finne Charlie McKeever ag labhairt faoi éileamh an FAI go n'athimreofaí an cluiche leis An Fhrainc aríst.
Feisire Eorpach Bairbre de Brún ag labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil inniú i mBéal Feirste "An Bóthar go Copenhagen" faoin práinn atá ann le co-aontú Domhanda faoi théamh na hAeráide.
Simon Ó Cróinín ag insint go mbeidh Cór Ráth Cairn ag casadh ag Aifreann Gaeilge a bheas sa Róimh i mí Feabhra seo chugainn. Seo é an séipéal ina bhfuil Aodh Ó Néill agus Aodh Ó Domhnaill curtha.
Seán Connolly, Iar-Ard Rúnaí an FAI, ag caint faoin gcluiche sacair idir Éirinn & an Fhrainc aréir agus foireann sacair na hÉireann curtha amach as comórtas Chorn an Domhain anois.
Malachi Ó Ruairc sa mBeilg ag caint faoi phost Uachtarán Chomhairle an Aontais atá le líonadh agus go leor cainte gurbh é Príomhaire na Beilge Herman Von Rompuy a gheobhas an post.
Eoin Ó Murchú ag caint faoi chruinniú a bheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséal inniu le cinneadh a dhéanamh faoi cheapacháin don trí ard-post atá le líonadh faoi théarmaíChonradh Liospón.
Siobhán Seoighe as Ráth Cairn atá ceaptha ina Bainisteoir imeachtaí ar an bhFéile Rith ag Conradh na Gaeilge. Beidh sé ar siúl i Mí Márta seo chugainn.
Jim Fahy, Comhfhreagraí an Iarthair do Nuacht RTÉ ag caint faoin timpist bhóthair a tharla ar bhóthar an N17 idir Baile an Mhuilinn agus Baile an Daingin aréir inár maraíoch ceathar ban óg, beirt acu as Conamara.
Doiminic Bradley ón SDLP ag caint faoin scéim phiolóiteach atá molta ag urlabhraí oideachais an pháirti sin le theacht as an sáinn ina bhfuil na scoileanna beaga atá i mbaol a ndúnta.
Ceisteanna na Dála tráthnóna inné: Donncha Mac Fhionnlaoich ó Fhine Gael ag cur ceisteanna ar an Aire Éamon Ó Cuív faoi chéard atá in ann do mhaoiniú Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; Joe Mag Raollaigh ag caint faoi caint faoina ceisteanna eile a cuireadh ar an Aire Ó Cuív faoi thodhchaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe&Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus aistriúchán cáipéisí.
An Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg, ag caint faoin mbóthar nua as Gaillimh go Conamara ag caint faoin gcur i láthair a rinne an RPS do Chomhairleoirí Chonamara faoin mbóthar nua inné.
Niall Ó Domhnaill, Innealtóir Chomhairle Chontae Chiarraí, ag caint faoin uasghrádú atá á ndéanamh ar roinnt scéimeanna uisce reatha i gCorca Dhuibhne.
Máirtin Mac Donnchadha ag Cruinniú Phobail Chill Chomáin aréir ag plé impleachtai rialú an Bhord Pleanála ar Thogra Gáis na Coiribe. Labhair sé le hUinseann Mac Craith, Mícheál Ó Murchadha, Máire Harrington&Uinseann Mac Craith arís.